Book Now

Moana

Out Now

Léirmheas Moana

Scéal aicsin é so a bhaineann le miotaseolaíocht na Polainéise agus stair an phobal san. Tá príomhcharachtar as an ghnáth sa scannán: cailín cróga dárb ainm Moana. Rugadh mar bhanphrionsa í – “iníon an cheannaire” mar a deir sí féin – ach so an t-aon cosúlacht idir Moana agus na banphrionsaí Disney eile. Níl sí ar thóir ar phrionsa (difriúil ó Snow White agus Cinderella) nó ag iarraidh éalú ó cleamhnas (murab ionann Mulan, Elsa nó Merida). Go deimhin, ní bhaineann croílár an scéil le grá, nó le grá teaghlaigh fiú – baineann sé leis an t-aon rud nach ndearna na banphrionsaí Disney eile go dtí seo: aire a thabhairt don phobal ar a bhfuil sí i gceannas. Is féidir a rá, dá bharr, go bhfuil Moana i bhfad níos cosúla le banphrionsa stairiúil ná aon cailín eile cruthaithe ag lucht Disney go dtí so.

Moana

Níl mórán cruthaíocht ann ó thaobh an plota dhe. Más ag lorg scéal a chuirfeadh ionadh ort atá tú, b’fhearr an scannán so a scipeáil. Is féidir an scéalaíocht céanna a thabhairt fé ndeara i scannáin a tháinig roimhe. Go deimhin, níl sé deacair comparáid a dhéanamh le Frozen, ó thaobh cailín ag éisteacht lena hinstinne chun dul ar eachtraíocht; Mulan, a rinne an cinneadh a saol féin a chur i mbaol ar mhaithe lena ríocht (seachas go leithleach); agus fiú An Hobad, a chuaigh ar eachtra de bharr a bheith “roghnaithe” ag saoi cumhachtach (sin An Fharraige i gcás Moana – do chuir sé brú uirthi tosnú ag seoltóireacht, ar nós dá mba duine ann). Fé dheireadh, níl aon cor sa bplota sa scannán a chuirfeadh ionadh ar na lucht féachanna, fiú ar deireadh. Tarlaíonn gach rud atá na carachtair ag súil leo, agus cuireann an locht san as don scéal uaireanta. Ní bheadh an scéal chomh leadránach so dá mbeadh sé chomh neamhghnách leis na príomhcharachtair.

Moana

Ag trácht ar charachtair – cé go bhfuil Moana an-chosúil le banphrionsa eile ó thaobh corp agus aigne (is “leagan tropaiceach de Merida” í Moana lena gruaig chiotach fada, easpa smideadh, corp réalaíoch agus éadaí simplí – níl mórán cruthaíocht ansan d’aineoinn a bheith difriúil ó mórchuid banphrionsaí Disney), is cinnte go bhfuil sí níos “aibí” ná a comrádaí Albanach: feictear déagóir ceanndána ar Mherida agus sin an méid. Ó thaobh Moana, áfach, tuigeann sí a ról mar cheannaire an todhchaí agus ní hiad a aislingí pearsanta a chuireann ag seoltóireacht ina aonar í – d’aineoinn amhrán fonnmhar ag tús an scannáin a chuireann in iúil dúinn go léir go bhfuil sí i ngrá leis an fharraige. Níl sí leithleach. Do chuaigh sí amach ar bhád níos déanaí sa scéal, chun bia a aimsiú don phobal a bhí ag brath uirthi – agus do chuir sé sin tús le heachtraí draíochtúla chun an Máthair Nádúr a shábháil in éineacht leis an leathdhia Maui. Dá mbeadh Merida ann, gach seans gur ag cruthú fadhbanna don ríocht a bhéas sí seachas ag smaoineamh ar na daoine bochta taobh thiar!

Moana

Ar iomlán, d’aineoinn an plota intuartha go leor, is fiú go mór féachaint ar an mbeochan so ar mhaithe leis an gcultúr na Polainéise, an léiriú an-chruinn ar a miotaseolaíocht, agus go deimhin an ceol iontach saibhir – 3 amhrán dúchasacha ina measc!

Rating 4/5

By

Natalia Danzmann

Lost Password

Sign Up