We are hiring -> Apply here

Learmhais Breathe 

Scannán beathaisnéise álainn agus iontach mhothúchánach is ea Breathe, a bhaineann le Robin agus Diana Cavendish (Andrew Garfield, Claire Foy), agus an grá a chabhraigh dóibh polio a fhualaingt agus teacht slán as.Cé go bhfuil deireadh an scéil intuartha go leor (tá a fhios againn go léir cad a tharlóidh leath-slí tríd an scannáin) is dóigh liom go bhfuil fiúntas sa scannán so agus is féidir go leor sult a bhaint as. B’fhéidir go bhfuil sé mar aidhm ag “Breathe” misneach agus tuiscint a spreagadh ar na lucht féachana thar aon rud eile, seachas ionadh a chur orthu leis an scéal – cuireann an teideal é sin in iúil gan dabht, is imeartas focal de shaghas éigint é.Tá cónaí ag Robin agus Diana sa Chéinia, agus gnó aige le tionscal an tae sna 50aidí. Lá amháin, áfach, titeann saol an teaghlaigh as a chéile nuair a fhaigheann Robin amach go bhfuil polio air agus nach bhfuil ach cúpla mí saoil fágtha aige. Le cabhair ó dheartháireacha Diana agus smaointe “craiceáilte” an cheapadóra Teddy Hall (Hugh Bonneville), áfach, bíonn Robin in ann a tréimhse “cinniúnach” a chaitheamh lena theaghlach, gan a bheith san ospidéal: cruthaíonn an ceapadóir cathaoir rothaí ar a bhfuil análaitheoir speisialta do Robin.Cruthaíonn an ceamaradóir Robert Richardson atmaisféar grámhar sa scannán agus is deacair na deora a bhrú fé chois ag féachaint air. Má tá aon locht air in aon chor, ceapaim go mbaineann sé le luas na n-eachtraí sa scannán: sáraíonn Robin agus a theaghlach gach constaic gan stró gan mhoill. Ní hea nach bhfuil sé brónach a dhóthain mar scannán, ach b’fhéidir go mbeadh luasmhoilliú éigint oiriúnach ann.

Ar iomlán, scéal spéisiúil agus drámaíocht thar cionn atá le feiceáil ar “Breathe”. Más ag lorg dráma spreagúil atá tú, bainfidh tú taitneamh as gan dabht.

4/5

by Natália Uí Fhaoláin

     BOOK HERE

c