Our website is currently undergoing maintenance and may have limited functionality. We're working hard to improve your online experience. We appreciate your patience and understanding.

Learmhais Tomb Raider

Gnáth-scannán aicsin taitneamhach go leor é an leagan nua de Tomb Raider. Déanann sé cúis ó thaobh radharcanna cruthaíocha, ach ná bígí ag lorg aon chruthaíochta ó thaobh scéil de.

An bealach is fearr chun cur síos a dhéanamh ar an laoch so ná, b’fhéidir, “an leagan baininscneach de Indiana Jones”. Feictear na clichés céanna i saol Lara Croft ó thaobh cultúracha iargúlta, cairdeas idirnáisiúnta cé is moite de na clichés sin, agus fiú amháin an t-amlíne céanna le Indiana Jones and the Last Crusade (1989) – tagann an príomhcharachtar ar a (h)athair (a bhí ar iarraidh) i lár misin chun oibiacht a bhfuil cumhacht ornádúrtha aici a aimsiú. Gheofaí a rá gur cóip iomlán de phlot Spielberg atá sa scannán so, scéal a bhí suimiúil sna 80idí ach nach bhfuil mórán gliondar ann san ath-dhéanamh.

Cé go raibh an dá scannán (Tomb Raider 2001 agus an leagan is déanaí) bunaithe ar shraith cluichí ríomhaire le scéalta eachtraíochta éagsúla, agus cé go bhfuil láthair agus oibiacht osnádúrtha difriúil ar an scannán seo i gcomparáid leis an gcéad scannán i 2001, feictear dom go bhfuil an bunscéal céanna athráite ann, agus do chuir sé sin mearbhall orm. Nár fearr aidhm agus fadhb éagsúil a thabhairt do Lara an lae inniu, in áit an scéil céanna? Táim cinnte go bhfuil níos mó sa chúlra ag an sraith cluichí sin ná athair Lara a aimsiú agus a bheith idir dhá chomhairle ó thaobh a shaol a shábháil – arís agus arís.

D’ainneoin easpa cruthaíochta, caithfidh mé dhá rud a mholadh sa scannán so: an stiúrthóireacht agus an ghrianghrafadóireacht – tá aicsean le feiscint ó thús go deireadh, rud a chuireann cluiche i gcuimhne dúinn gan stró, ach gan a bheith iomarcach ó thaobh cleasanna dochreidte de. Gheofaí níos mó ábhair a aimsiú do na “Mythbusters” i scannáin Indiana Jones nó James Bond. Maith siad! Tá an t-aicsean agus na radharcanna troda inchreidte don chuid is mó, ach fós an-spéisiúil. Tá na radharcanna go léir go hálainn, ag cruthú atmaisféir draíochtúil i ngach uile cuid den scannán. Ar iomlán, molaím an scannán so dóibh siúd atá ag lorg siamsaíochta simplí agus radharcanna spéisiúla. Níl an scannán so domhain in aon chor, ach seans gur fearr mar atá.

By Natália Uí Fhaoláin

3/5