We are hiring -> Apply here

Léirmheas Ant-Man and The Wasp

Thánaig “Ant-Man” go dtí an scáileán mór sa bhliain 2015 agus b’iad na gnéithe is fearr a bhain leis ná a ghreann, a chroí agus a léiriú ar ghníomhaíocht sárlaoch beag. Níl aon dabht ach go bhfuil na gnéithe seo le feiceáil arís sa “Ant-Man and The Wasp” ach tá siad níos fearr ná a bhí siad. Sa réamhrá, déantar achoimre ar an tsraith i ndá chuid. Ar dtús, cuirtear i gcuimhne dúinn cumhachtaí Ant-Man agus plota an chéad scannáin. Feicimid Dr. Pym agus a bhean chéile, Janet, agus iad ag baint úsáid as a gcultacha Ant-Man agus Wasp. Chrap Janet í féin agus is dóigh le Dr Pym go bhfuil sí caillte i réim chandamach.

Ansin, feicimid Ant-Man (Paul Rudd) agus a iníon sa lá atá inniu ann agus iad ag eagrú gadaíocht drámatúil. Théann siad trí tholláin cairtchláir a thóg sé nuair a bhí sé ar bhraighdeanas baile. Aontaíonn na plota nuair a fuadaíodh Ant-Man ag Dr. Pym mar bhí súil aige go mbeadh Ant-Man ábalta a bhean chéile a fháil.

Tá The Wasp (Evangeline Lilly) go hiontach sna radhairc gnímh ach ar an ndrochuair, bhí sí fágtha i leataobh don chuid is mó den am. Is maoirseacht iontach é do scannán a bhfuil an misneach aige ainm a charachtair a chur sa teideal. Ach é sin ráite, bhíomar ag gáire ar fud na scannáin agus tá na radhairc le Ant-Man agus a iníon an-maoithneach.

Ráta 4/5

Tamara  Ní Shíocháin

More Info