Léirmheas Glass

Glass Movie Poster

Is é Glass an tríú chuid den sraith, tar éis na scannáin Unbreakable agus Split. Bhí na scannáin go léir stiúrtha ag an stiúrthóir cáiliúil M. Night Shyamalan agus tá aisteoirí sa scannán seo a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain mar shampla James McAvoy, Bruce Willis agus Samuel L. Jackson. Tá na scannáin Unbreakable agus Split an-dothuartha agus níl aon dabht ach gur féidir leat an rud céanna a rá faoin scannán seo.

Ag deireadh na scannáin Split, tugaimid fao deara go bhfuil Kevin Wendell Crumb ó Split agus David Dunne ó Unbreakable sa domhan céanna agus sa scannán seo, buaileann siad le chéile in ospidéal síciatrach chomh maith le caractar nua Mr Glass. Tá siad scartha óna chéile san ospidéal don chuid is mó den am agus tá dochtúir san ospidéal ag iarradh cruthú nach bhfuil sárchumhachtaí acu.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil iomaí cor sa scannán seo agus tá sé suimiúil agus siamsúil mar a gheall ar sin. Ina theannta sin, tá an aisteoireacht go hiontach, go háirithe James McAvoy toisc go bhfuil 20 pearsantachtaí ag Kevin. Is stiúrthóir iontach é M. Night Shyamalan freisin mar tá na híomhánna ar fheabhas sa scannán. Ní gá duit an dá scannán eile a fheiceáil ar dtús, ach bheadh an scannán seo i bhfad níos fearr má tá siad feicthe agat.

Tamara Ní Shíocháin

Ráta 4/5

More Info