We are hiring -> Apply here

Léirmheas Mary Poppins Returns

Mary Poppins Returns Movie Poster

More Info

Tá Mary Poppins ar ais arís tar éis 54 bhliain. Seo é an dara scannán den tsraith agus is é Rob Marshall an stiúrthóir. Tá sé suite i Londain sna 1930í, 25 bhliain tar éis an chéad scannáin. Is iad Emily Blunt, Lin-Manuel Miranda, Ben Whishaw, Emily Mortimer, Pixie Davies, Nathaniel Saleh agus Joel Dawson na príomhaisteoirí sa scannán seo… ach tá Meryl Streep agus Colin Firth le feiceáil sa scannán freisin!

Filleann Mary Poppins agus a draíocht ar ais go Londain 25 bhliain tar éis a céad cuairt. Tugann sí cuairt eile ar Jane agus Michael Banks (ach is daoine fásta iad anois) agus ar chlann Michael tar éis tubaiste clainne a tharla. Tríd a scileanna draíochta, agus le cabhair óna cara Jack, cabhraíonn sí leis an gclann chun áthas agus iontas a athaimsiú.

Cheapfaí nach mbeadh éinne eile ábalta an páirt Mary Poppins a dhéanamh, ach amháin Julie Andrews. Níl aon dabht ach go léiríonn Emily Blunt nach bhfuil sé sin fíor mar bhí sí go hiontach sa scannán seo. Tá go leor cosúlachtaí idir an dá scannáin, go háirithe na hamhráin agus mar sin, tá sé saghas athráiteach in áiteanna. Ach é sin ráite, is scannán greannmhar agus taitneamhach é atá foirfe do pháistí agus do dhaoine fásta araon agus níl dabht ar bith ach go mbeadh miongháire ar dhaoine tar éis an scannáin seo a fheiceáil.

Tamara Ní Shíocháin

Ráta 4.5/5