We are hiring -> Apply here

Léirmheas Slaughterhouse Rulez

Slaughterhouse Rulez

More Info

Léirmheas Slaughterhouse Rulez

Tá go leor scannáin suite i scoileanna chónaithe don éilíte agus is é Slaughterhouse Rulez ceann de na scannáin sin freisin. Ach tá an scannán seo saghas difriúil óna cinn eile mar is meascán de greann agus uafás é. Bhí Crispian Mills ina stiúrthóir ar an scannán agus is iad Asa Butterfield, Finn Cole, Hermione Corfield, Michael Sheen, Nick Frost agus Simon Pegg na príomhcharactair sa scannán seo.

Is dalta nua é Don Wallace agus is as gnáth-chúlra a fuineadh é ach tá sé ag iarradh bheith cosúil leis na daltaí ardnósacha eile. Nuair a thánaig poll mór sa talamh ar fhearann na scoile, scaoileadh rud éigin uafásach agus ní mór do na daltaí agus na foirne troid le haghaidh marthanais. Ina theannta sin, tá so-phlota dáiríre sa scannán freisin faoi déagóir a chur lámh ina bhás féin.

Níl aon dabht ach go bhfuil an meascán idir greann agus uafás beagán ait agus uaireanta d’fhéadfadh sé a bheith níos greannmhaire nó níos scanrúla. Ach é sin ráite, ní féidir leat a bheith cinnte cad a tharlóidh sa chéad radharc eile mar gheall ar an meascán sin agus tá an scannán suimiúil mar thoradh.

 

Tamara Ní Shíocháin

Ráta 3/5