We are hiring -> Apply here

Léirmheas Stan and Ollie

Stan and Ollie

Is iad Steve Coogan agus John C. Reilly na príomhaisteoirí sa scannán Stan & Ollie. Is scéal croíúil é faoi na fir greannmhar, Stan Laurel agus Oliver Hardy, ag buaicphointe a gcuid gairmeacha. Bhí an scannán stiúrtha ag Jon S. Baird agus scríobh Jeff Pope an script scannáin. Is iad Shirley Henderson, Danny Huston, Nina Arianda, Rufus Jones agus Susy Kane cuid de na haisteoirí eile a bhí sa scannán.

Ag tús na scannáin, tá sé suite sna 1930í nuair atá gairmeacha Stan agus Ollie an-rathúil agus tá go leor scannáin acu. Tar éis 20 bliain, tá daoine i Meiriceá tuirseach den seó greannmhar cáiliúil agus bheartaigh Stan agus Ollie chun dul go hÉireann agus go Breatain chun tús a chur ar a ngairmeacha ann. Nuair atá siad ar chamcuairt, tá siad ag iarradh dul i bhfeidhm ar na lucht féachanna, ach ag an am céanna, tá drochsláinte agus fadhbanna eile acu agus tá sé an-deacair mar a gheall ar sin.

Tá sé an-deacair locht a fháil sa scannán iontach seo. Tá na haisteoirí ar fheabhas agus tá an scéal an-ghreannmhar agus uaireanta an-mhothúchánach. Ina theannta sin, níl sé deacair a thuiscint cén fáth go raibh John C. Reilly a ainmniú do dhuais Golden Globe mar thoradh ar an scannán seo. Tá an scannán suimiúil agus siamsúil ó thús go deireadh agus is fiú é a fheiceáil, gan dabht ar bith.

Tamara Ní Shíocháin

Ráta: 4.5/5

More Info