Léirmheas The Hole In The Ground

Scríobh Stephen Shields The Hole In The Ground agus is é seo an chéad scannán a stiúir Lee Cronin, an stiúrthóir Éireannacha. Tá sé cosúil leis na scannáin Hereditary, The Hallow, A Quiet Place agus Under The Shadow agus is iad Seána Kerslake agus James Quinn Markey na príomhaisteoirí sa scannán seo. Bogann Sarah agus a mac óg, Chris, go dtí teach nua amuigh faoin tuath in Éirinn. Ach, sa choillte in aice leis an teach, tá poll mór sa talamh. Oíche amháin, imíonn Chris as radharc agus nuair a tagann sé ar ais, is cosúil go bhfuil sé gan dochar agus gan athrú agus tá an chuma air go bhfuil gach rud ceart go leor. Ach nuair a éiríonn a iompar an-ait, tá eagla ar Sarah nach bhfuil Chris an buachaill a thánaig ar ais.Níl aon amhras ach go bhfuil scannán uafáis maith é an scannán seo. Tá na haisteoirí agus an cineamatagrafaíocht go hiontach agus tá an scannán ar fad an-siamsúil. D’fhéadfaí a rá go bhfuil an iomarca scannáin ann anois cosúil leis an gceann seo ach tá an scannán seo an-mhaith ar aon nós. Ráta 4.5/5Tamara Ní Shíocháin

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

 

Book Now