Léirmheas The Predator

Tá an tsraith ‘Predator’ ar ais le athchóiriú na clasaiceach a thosaigh i 1987. Stiúir Shane Black an scannán ficsean eolaíochta seo agus scríobh sé an script chomh maith le Fred Dekker. Is iad Boyd Holbrook, Trevante Rhodes, Jacob Tremblay, Keegan-Michael Key, Olivia Munn, Thomas Jane, Alfie Allen, agus Sterling K. Brown na príomhcharactair sa scannán agus bhí ról caimeo ag Shane Black anuas ar bheith ina stiúirtheoir.

Buíochas leis na trí uasghrádú géiniteach, tá na sealgairí is marfaí sa domhan ar ais níos láidre, níos cliste agus níos measa ná riamh. Sa scannán seo, tógtar an fiach as an spás amuigh go dtí na bruachbhailte mar gheall ar bhuachaill óg. Braitheann todhchaí an domhain ar ghrúpa d’iar-shaighdiúirí agus ar bhitheolaí éabhlóideach.

Níl aon dabht ach go bhfuil an scannán seo saghas difriúil ón na scannáin eile mar tá sé greannmhar chomh maith leis an aicsean. Tá go leor gnéithe den scannán go maith ach uaireanta, chuir an meascán de ghreann agus dáiríreacht mearbhall orm. Ach é sin ráite, tá go leor pointí maith ag an scannán, le plota suimiúil, éifeachtaí fhísiúil den scoth agus go leor aicsin.

Tamara Ní Shíocháin

Ráta 3/5

Book Now