We are hiring -> Apply here

Léirmheas Wonder Park

 

Is scannán beochana é Wonder Park agus ceapaim go bhfuil sé dírithe ar pháistí ó ocht mbliana d’aois ar aghaidh. Is iad Brianna Jenski, Jennifer Garner, Mila Kunis agus John Oliver na príomhaisteoirí sa scannán seo agus tá a lán eachtraíochta le feiceáil sa scannán gan dabht.

Is páirc théama samhailteach é Wonder Park agus is breá le June agus a máthar bheith ag smaoineamh agus ag labhairt faoi le chéile. Bíonn ainmhithe ag caint ann agus tá rollchóstóirí den scoth ann agus is páirc draoíchta é, gan amhras ar bith. Ach nuair a eiríonn a mam tinn, níl suim dá laghad ag June i Wonder Park… go dtí nuair a tagann sí ar an bpáirc céanna sna coillte. Ach tá an pháirc seo i mbaol agus tá June ag iarraidh é a shábháil.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil an scannán seo an-oiriúnach do pháistí- tá an scéal go maith agus tá samhlaíocht agus grá le feiceáil i rith an scéil. Tá gnéithe suntasach le feiceáil i rith an scéil freisin mar shampla tinneas agus b’fhéidir nach bhfuil sé sin oiriúnach do pháistí an-óg. Ach é sin ráite, tá sé greannmhar agus mothúchánach agus is scannán maith é seo, gan dabht.

Ráta 3/5

Tamara Ní Shíocháin