Léirmheas Wonder Woman

Scannán ceannródaíoch é Wonder Woman ar dhá chúis go háirithe: feimineachas agus cruinneas stairiúil.

Cé gur thosaigh Wonder Woman amach mar fheimineach radacach sna greannáin Meiriceánacha na 20ú haoise, rinneadh carachtar níos tuiscineach di sa scannán so. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, go mbeadh sí ag glacadh le ról na mban go héasca, ach b’fhéidir gur fhás Wonder Woman anuas ó shin agus tuigeann sí anois gur cairde iad fir áirithe.

Tá an scannán so dírithe ar stair Wonder Woman, cá bhfuair sí a cumhacht agus an chúis go bhfuil sí ag obair ar son na cirte i measc na ndaoine daonna. D’fhás Diana (Wonder Woman) aníos in oileán finscéalach a nglaotar Themyscira, áit ina n-imíonn an am ar luas difriúil, níos moille, i gcomparáid le cruinne na ndaoine daonna – cosúil le Tír na n-Óg. Léirítear é sin ag tús an scannáin nuair atá Diana ag breathnú ar sheanphictiúr ón Chéad Cogadh Domhanda, ina bhfuil sí féin le feiceáil, agus cuma chomh hóg céanna uirthi. D’fhás sí aníos in éineacht le hAmazóin eile (muintir Themyscira, iad ar fad ina mná cróga, sárdhaonna), agus is ansin ar fhoghlaim sí conas troid agus a cumhachta a úsáid. Lá amháin, cíonn sí timpiste eitleáin an-ghar don oileán agus sábhálann sí fear as Meiriceá ó ionsaí na nGearmánach. Is dá bharr a dhéanann sí cinneadh a athróidh a saol go deo: dul i mbun troda sa Chéad Cogadh ionas gur féidir léi teacht ar Ares, Dia an Chogaidh – a chreideann sí ba chúis leis an gCéad Cogadh – agus é a mharú.

Is cinnte go bhfuil carachtar níos casta, níos spéisiúla, déanta de Wonder Woman sa scannán so. Ní hamháin go sábhálann sí fir (seachas troid ina gcoinne agus ar son na mban an t-am ar fad) ach léiríonn sí feimineachais ar bhealach níos intuigthe, gan príomh-rún an scéil a dhéanamh as. Nuair a théann sí i mbun troda sa Chéad Cogadh ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcoimhlint, níl sí ag smaoineamh go príomha ar chearta na mban a chosaint, ach déanann sí é sin lena haicsin gan a bheith ró-shoiléir faoi – mar shampla: nuair a dhéanann sí beag is fiú d’éadaí “cúng” na mban agus nuair a “mhúineann” sí conas ciall a bhaint as doiciméad rúnda na nGearmánach i seomra lán le fir, agus leanann sí ar aghaidh sa chogadh, léi féin, cé nach bhfuil tromlach na bhfear ag iarraidh a comhairle a leanúint. Taispeánann carachtar Diana dúinn nach gá do scannán feimineachas a phlé go príomha ionas go mbeidh sé ina scannán feimineach.

San am céanna is atá Diana ina bean oilte cliste cumasach, feictear go leor aineolais uirthi fé conas a n-oibríonn sochaí na ndaoine daonna, agus tugann an “fhadhb” sin seans di an tuiscint ar an intinn daonna a fhorbairt i rith an scannáin. Is féidir an forbairt sin uile a thabhairt fé ndeara agus í ar thóir ar Ares sa nGearmáin: is cinnte go dtugtar radharc an troda draíochtúla lán le heifeachtaí speisialta den scoth ar mhaithe le siamsaíocht na lucht féachana – bhí Ares ann i ndáiríre i ndeireadh na dála! – ach ní hé sin an pointe. Tuigeann sí ar deireadh nach bhfuil gráin na ndaoine go hiomlán faoi smacht ag na Déithe.

D’ainneoin an scéal é nach raibh sárlaoch nó sárnamhaid ar bith sa Chéad Cogadh i ndáiríre, tá cruinneas stairiúil suntasach le tabhairt faoi deara sa scannán so, agus déarfainn go dtaitneoidh sé leo siúd a dhéanann staidéar ar stair an Domhain. Ní dhéantar maolú finscéalaíoch ar bith ar an scéal: breathnaíonn an lucht féachana ar cé chomh gránna is a bhí torthaí an chogaidh, an gás nimhneach, na mílte á chailleadh agus fadhbanna sóisialta eile ag an am. Molaím an scannán so do gach éinne: is cuma an fear, bean, duine léinn nó duine ag féachaint air ar mhaithe le siamsaíochta amháin. Bainfidh gach éinne sult as.

5/5