Scannán fuinniúil, greannmhar, cliste, lán le haicsean. Is deacair lochtanna a aimsiú ann. Baineann an scannán so úsáid as fothéacs cruthaithe le the Avengers (2012) chun sárlaochra eile a chur i gcumarsáid le Thor, gan mhearbhall ar na lucht féachana.Faigheann Thor amach go bhfuil a dheirfiúir Hela (bandia an bháis) saor óna príosún agus ag iarraidh Asgard a rialú. Tá sí i bhfad níos cumhachtaí ná Thor agus Loki le chéile, só is mór an dúshlán atá rompu sula bhfuil an ríocht ar fad scriosta aici. Déanann Thor iarracht ruaig a chur uirthi ar aon nós agus cailleann sé a chasúr uilechumhachtach. Bíonn sé trína chéile dá bharr agus tagann ionadh air nach bhfuil sé chomh cumhachtach agus a cheap sé. Dár ndóigh, tagann sé ar phlainéad eile trí thimpist (Sakaar), áit ina mbíonn sé gafa agus curtha chun príosún ag an Grandmaster (tiarna naircisíoch, déanta ag Jeff Goldblum) le cabhair Valkyrie (Tessa Thompson). Is ansan a thagann sé ar Hulk, seanchara a chuireann beagáinín níos mó misnigh air de réir a chéile. Breathnaítear ar Thor lag, dobrónach sa scáileán, ach ní hea gur chaill sé a chumhacht – chaill sé a chasúr, siombail dá chuid féin-mhuiníne. Bheadh sé lán-ábalta gach éinne sa phlainéad san a shárú murach sin.Só ar deireadh, ní bhaineann an scannán so le sárlaoch ag seasamh do namhaid, ach do choimhlint siceolaíoch ina intinn féin: idir a athair agus cuid dá fhéiniúlacht a chailliúint, cuireann sé bac ar a chumhacht féin… Agus is féidir linn go léir an streachailt sin a thuiscint ar leibhéal daonna.An t-aon locht is fiú a lua ná go raibheas ag súil le cogadh níos spéisiúla ar deireadh. Léirítear ag tús an scannáin gur namhaid iontach deacair le sárú í Hela, ach níl go leor dúshláin ag Thor agus a chairde ag deireadh an scannáin. Ina theannta san, taispeántar cúpla radharc nach féidir a chreidiúint, fiú ó thaobh ficsin-eolaíoch de: ní dóigh liom go mbeadh Hulk in ann ainmhí 3 uair níos mó ná é féin a mharú gan aon chabhair, mar shampla. Cé is moite de sin, ní fhéadfainn a rá nach bhfuil gach uile comharc iontach spéisiúil, le gluaiseachtaí iontacha, éifeachtaí an-taitneamhacha agus greann cliste anois is arís.

Tá go leor léirmheastóirí ag déanamh comparáide idir an scannán so agus a leithéidí The Dark Knight Rises (2012) agus Gladiator (2000). Is fíor go bhfuil cosúlachtaí ann sa scéal, ach níos tábhachtaí fiú, tá Ragnarok in ainm is a bheith iomráiteach amach anso, cosúil leis na scannáin thuasluaite. Mura bhfuil tú tar éis féachaint air, molaím go mór dul ‘dtí an phictiúrlann go luath agus gach seans go mbainfidh tú sult as.

Thor: Ragnarok

5/5